← D'aithin sé na haghaidheanna uilig agus thug sé fá dear go suíodh achan mhac máthar acu ar an stól chéanna gan teip. 🔊✎
← Bhain sé bunús bliana as deis a chur ar a theach, ag obair ag deireadh na seachtaine agus achan oíche, amach ó oíche Aoine, ar ndóigh. 🔊✎
← Anois, b'fhada le Jimmy go dtógadh sé iad, duine ar achan lámh, agus go dteannadh sé lena chroí iad agus go dtéadh sé a cheol daofa agus éisteacht leo ag plobaireacht. 🔊✎
← Bhí Liz, mar a thug achan chustaiméir uirthi, ag freastal - girseach scór mbliain, í díomhaoin, cé go raibh iníon bheag ceithre mblian aici, rud a d'inis sí do Jimmy i modh rúin. 🔊✎